Phill sé na bhaile in 1956 agus bhí sé ag obair fan bhaile. Beithígh a bhíodh acu ag treabh agus ansin cheannaigh a athair tarracóir. An chéad tarracóir a chonaic Brianaí Domhnach amháin a bhí ag fear darbh ainm Páidí Roarty. Bhí ceann eile ag Micí Beag Micí an Ghabha ach ní raibh hiodrálach ar bith uirthi. Muintir PJ Doherty an chéad dhream sa pharóiste a thosaigh ag treabh le tarracóir. Dá réir a chéile ansin thosaigh daoine eile a n-úsáid.
Bhí Brianaí é féin ag treabh talaimh do dhaoine fosta.
00:05:31
An obair a bhí a dhéanamh aige idir obair an earraigh agus obair an gheimhridh, cur síos ar sin, bhí sé ag treabh, bhí sé i mBun an Inbhir ag déanamh slipway leis an tarracóir. Bhí obair mhóna, obair féir agus préataí a dhéanamh fosta aige. Bhí carr ag Brianaí fosta agus bhí sé ag reáchtáil tacsaí do mhuintir na háite. Bhí mionbhus aige agus bhí go leor custaim aige.
Bhí na bealaí i bhfad níos measa san am sin ná mar atá anois.